Feidhmeannach Cumarsáide

Údarás na Gaeltachta

Contract type
Full-Time
Closing date
12 Mar 2026 04:00 PM
Location
Gaillimh

Beidh feidhmiú straitéis cumarsáid margaíochta Údarás na Gaeltachta mar phríomhról ag an té a cheapfar sa ról seo, cé go mbeidh deis ag an duine cur leis an gcur chuige molta agus cumas scéalaíochta na h-eagraíochta a fheabhsú.

Beidh taithí ábhartha ag an té a cheapfar in ar a laghad trí cheann do na réimsí seo a leanas:

  • Taithí cruthanta ag plé leis na meáin cumarsáide agus feachtais preasa agus cumarsáide seachtraí na heagraíochta a bhainistiú
  • Sárscileanna eagrúcháin agus ábalta ualach oibre gnóthach agus éagsúil a bhainistiú le cumas cruthaithe ceisteanna práinneacha ó na meáin a anailísiú agus a bhainistiú
  • Cruthú ábhar idir fís agus fuaim
  • Gaeilge agus Béarla ar ardchaighdeán agus taithí cruthanta ar théacs chruinn a sholáthar sa dá theanga
  • Taithí cruthanta ag cruthú ábhar margaíochta agus ócáidí pobail a eagrú agus a bhainistiú
  • Taithí cruthanta ar ardáin cumarsáide digiteacha a bhainistiú agus táscairí feidhme a fhorbairt chun monatóireacht a dhéanamh ar thionchar agus aschur na n-ardáin sin.
  • Taithí cruthanta ar chumarsáid inmheánach

Beidh ardscileanna cumarsáide agus scéalaíochta ag an duine idir léamh agus scríobh, chomh maith le bheith in ann ábhar físe agus fuaime a chruthú agus a bhainistiú.

Beidh an duine ag bainistiú aschur an Údaráis ar líne agus ábhar eile margaíochta na h-eagraíochta. Beidh súil leis go mbeidh cur amach ag an duine ar tháscairí feidhme agus conas monatóireacht a dhéanamh ar thionchar chainéil cumarsáide na h-eagraíochta.

Is í an Ghaeilge teanga oibre na heagraíochta.

Tá an post lonnaithe in Ard-Oifig an Údaráis sna Forbacha, Co na Gaillimhe.

Tá Polasaí Obair Chumaisc i bhfeidhm ag Údarás na Gaeltachta, tá an polasaí forbartha i gcomhréir leis an gCreat Polasaí Oibre Cumaisc d’Eagraíochtaí Státseirbhíse a d’fhoilsigh an Roinn Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe in 2022. Beidh deis iarratas a dhéanamh ar obair chumaisc tar éis tréimhse promhaidh an phoist a bheith curtha i gcrích.

Tuilleadh eolais: https://udaras.ie/assets/uploads/2026/02/Leabhran-AOF-Feidhmeannach-Cumarsaide-Feabhra-2026.pdf

Cuir CV cuimsitheach agus litir chumhdaigh chuig [email protected] roimh 4.00 i.n ar an 12ú Márta 2026.


 

The primary responsibility of this role is implementing Údarás na Gaeltachta's marketing communications strategy, with the opportunity to contribute to and improve the current approach.

The person appointed will have relevant experience in at least three of the following areas:

  • Proven experience in dealing with the media and managing the organisation's press and external communications campaigns
  • Excellent organisational skills and ability to manage a busy and varied workload with the ability to analyse and manage urgent media queries
  • Audio-visual content creation
  • High standard of Irish and English with proven experience in providing accurate copy in both languages
  • Proven experience in creating marketing content and organising and managing community events
  • Proven experience in managing digital communications platforms and developing performance indicators to monitor the impact and output of those platforms
  • Proven experience in internal communications

The person will have excellent written and verbal communication and narrative skills, as well as being able to create and manage audio-visual content.

The person will manage the Údarás's online output and other marketing material for the organisation. It is expected that the person will be familiar with performance indicators and how to monitor the impact of the organisation's communications channels.

Irish is the working language of the organisation.

The post is based in the Údarás na Gaeltachta Head Office in Na Forbacha, Co. na Gaillimhe

Údarás na Gaeltachta has a Blended Working Policy in place, developed in accordance with the Blended Working Policy Framework for Civil Service Organisations published by the Department of Public Expenditure and Reform in 2022. There will be an opportunity to apply for blended working after the probationary period of the post has been completed.

More information: https://udaras.ie/assets/uploads/2026/02/Leabhran-AOF-Feidhmeannach-Cumarsaide-Feabhra-2026.pdf

Apply by sending a CV and cover letter to [email protected] by 4pm on the 12th of March 2026.